Imirce go hAlbain nuair a bhí sé thart ar 18 mbliana d’aois. Feirmeoireacht a thosaigh sé air ar dtús in 1942 nó 1943, ní raibh béarla ar bith aige ach bhí fear eile (Joe Mhánais Pháidí Ruaidh) leis a raibh rud beag béarla aige, bhí seal caite ag Joe ar an Lagán agus bhí rud beag béarla aige. Chaitheadh Joe insint do caidé a bhí an feirmeoir ag rá.
Obair féir uilig a bhí ar an fheirm sin. In Perth a bhí siad, feirm 100 acra. £2 sa tseachtain an pá a bhí aige, 5½ lá. Bhí píosa fada le siúl acu le fáil an Aifrinn. Ní ligfeadh an feirmeoir dóibh feadáil ar an Domhnach. Ní raibh dúil acu san áit sin agus d’fhág siad. Chuaigh siad ag feirm eile, le coiste a bhí siad, chuaigh siad leo as an Chlochán Liath. Fuair siad £5 ansin, bhí siad ann coicís nuair a fuair an coiste amach go raibh siad ag fáil oiread agus b’éigean dóibh a dhul ar ais ar £2. Bhí siad ansin go deireadh an tséasúir. Chuaigh sé go Cupar Fife ansin, in model a bhí sé ach bhí siad iontach garbh agus salach. Bhí hotplate ann le do chuid a dhéanamh air, bhí scilling san oíche le díol sna models.
Bhí sé in áiteanna eile nach raibh leapacha ar bith ann, chaithtí ceann a dhéanamh. | 00:09:54 | |